Úsáid do vóta. Nó déanfar an cinneadh ar do shon
Deis atá sna toghcháin Eorpacha tionchar a bheith agat ar spriocanna an Aontais Eorpaigh don chúig bliana amach romhainn.
Cláraigh linn anois agus cuirimid i gcuimhne duit do vóta a chaitheamh chun cinnte a dhéanamh nach ndéanann tú dearmad. Toisc dá mhéad daoine a gcaitheann a vóta, is ea is treise a n-éiríonn an daonlathas.
San Aontas Eorpach, d’fhéadfadh sé gur léir dúinn an daonlathas sa lá atá inniu ann. Ach ní mar sin a bhí i gcónaí.
Níl sé i bhfad ón ré nach raibh Eorpaigh in ann vóta a chaitheamh nó fiú labhairt amach gan bhac. Ré a d’fhéadfadh an saol a bheith i mbaol de bharr daoine a bheith difriúil, creidimh éagsúla a bheith acu, nó saol difriúil a bheith uathu.
Is rud sárluachmhar é an daonlathas a thug na glúnta romhainn dúinn. D’oibrigh siad agus throid siad ar a shon. Is fúinne atá sé anois é a choinneáil, é a dhéanamh níos láidre agus é a chur ar aghaidh go dtí na glúnta atá le teacht.
Is é an bealach is éifeachtaí chun é sin a dhéanamh ná vóta a chaitheamh - ós rud é, dá mhéad a vótálann daoine, is ea is láidre an daonlathas.
Ón 6 go dtí an 9 Meitheamh 2024: Úsáid do vóta nó déanfar an cinneadh ar do shon.
Na toghcháin Eorpacha 2024