Tras-scríbhinn: físeán faoi thoghcháin Eorpacha 2024 Choinnigh mé seo sa doimhneacht de mo chroí le blianta. Smaoiním air gach maidin, ach ní labhraim faoi. Seo teachtaireacht do mo gharleanbh. Agus don chuid eile den Eoraip. CUIR AR AGHAIDH É. Mar is eol duit, a Robin, níor cheart dom a bheith anseo inniu. Bhíothas ag súil go gcaillfí mé. An 17ú Meitheamh, 1940. An 21ú, fuair mé glao gutháin ag rá go raibh an tír faoi chois ag an arm. B'in rud a cheapamar nach dtarlódh choíche. Bhain sé siar chomh mór sin asainn. Conas a bhraitheann tú faoi rud a tharla anseo i bPrág? Tá súil againn go mbeidh saoirse agus daonlathas againn lá éigin amach anseo. Aon bhliain déag d'aois a bhí mé nuair a bhris an cogadh amach agus dhá bhliain déag nuair a tháinig na saighdiúirí. Bhí siad ar fud na háite. Chuaigh mé síos staighre le mo bhabhla torthaí agus amach sa ghairdín. Maraíodh mo mham agus í ina luí sa mhullach orm chun mé a chosaint. Tá a fhios agat, nuair nach bhfuil tú ach dhá bhliain déag d'aois agus go bhfeiceann tú gur bhásaigh do mham chun tú a chosaint, ní rud é a ligeann tú i ndearmad. I Timișoara, scaoileadh le daoine óga os comhair na hardeaglaise. Seoladh m'athair go Auschwitz agus dúnmharaíodh ansin é. Thug mo mháthair uaithi mé agus fios aici go mb'fhéidir nach bhfeicfeadh sí riamh arís mé. Ní raibh uncail ná aintín agam, shíl mé go raibh sé sin aisteach. Ní raibh aon seantuismitheoirí agam ach an oiread. Bhí seantuismitheoirí ag an uile dhuine. Ní raibh duine ar bith agamsa. Níor cheart duit talamh slán a dhéanamh riamh den daonlathas. Ba cheart duit tacú leis i gcónaí agus é a chosaint. An 17ú Samhain, nuair a cuireadh tús leis, tháinig na mic léinn amach ar na sráideanna. D'ionsaigh póilíní na léirsitheoirí, thug siad bascadh dóibh. B'in an uair a cuireadh tús leis an réabhlóid. Tar éis neamhspleáchas a bhaint amach bhain an Laitvia a saoirse amach. Bhí saoirse ag na daoine chun a dtuairimí ar an daonlathas a nochtadh. Nuair a leagadh Balla Bheirlín, tháinig an tsaoirse i réim ar fud na hEorpa. A Suzanne dhil, a Suus dhil. Tá áthas orm go bhfuil tú mar atá agus gráim thú as sin. Tá a fhios agat gur saolaíodh mise le linn bliana nuair a bhí an domhan trí thine. Bíonn tionchar ollmhór ag rud mar sin ar do shaol. Ar an dea-uair, rugadh tusa in aimsir na síochána agus an rathúnais. Bíodh cuimhne agat riamh nárbh ann i gcónaí don tsaoirse agus don daonlathas agus gur féidir linn iad a chailliúint go han-tapa. Caithfidh tú a bheith airdeallach i gcónaí agus troid ar a shon. Dá bhféadfainn teachtaireacht amháin a fhágáil leat: Cleachtaigí an daonlathas. Éistigí lena chéile. Tabhair aire mhaith don daonlathas, nuair nach mbeidh mise anseo níos mó. Fúmsa atá sé. Fúinne agus faoinár nglúin atá sé. San Eoraip. ÚSÁID DO VÓTA. NÓ DÉANFAR AN CINNEADH AR DO SHON. TOGHCHÁIN EORPACHA 7 Meitheamh 2024. Is mian le Parlaimint na hEorpa a mbuíochas a ghabháil leis an uile dhuine a ghlac páirt sa chlár faisnéise seo as a dteachtaireacht a chur ar aghaidh.