Beartas fianán
Bailíonn Parlaimint na hEorpa do shonraí pearsanta a mhéid is gá chun cuspóir institiúideach sonrach a chomhlíonadh.
Chun ár ndualgais a chomhlíonadh maidir le saoránaigh na hEorpa, cruthaímid líon teoranta fianán ar do ghléas.
Is comhad beag sonraí é fianán a bhíonn á stóráil ag suíomh gréasáin ar ríomhaire nó ar ghléas soghluaiste a chuairteora.
Comhlíontar Treoir 2002/58/CE go hiomlán ó thaobh ár n-úsáid fianán de, ar treoir í lena gcinntear, in éineacht le Rialachán (AE) 2018/1725, na rialacha is infheidhme san Aontas Eorpach maidir le húsáid fianán a stórálann sonraí pearsanta na n-úsáideoirí deiridh.
Cad í an reachtaíocht ábhartha?
- Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 31 Iúil 2002.
- Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 21 Samhain 2018.
- Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2019 maidir leis na rialacha chur chun feidhme a bhaineann le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag Institiúidí, Comhlachtaí, Oifigí agus Gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE.
Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 17 Meitheamh 2019
Cad a chumhdaítear leis an mbeartas fianán seo?
Baineann an beartas fianán seo leis na suíomhanna gréasáin a fhoilsímid ar an Idirlíon faoin bhfearann ‘elections.europa.eu’.
Cad iad na fianáin a chruthaímid?
Úsáidimid cineálacha éagsúla fianán chun críoch éagsúil.
Fianáin theicniúla agus seisiúin
Tá aon fhianáin theicniúla agus seisiúin a chruthaímid riachtanach d’fheidhmiú cuí ár suíomhanna gréasáin, mar sin meastar go bhfuil siad éigeantach. Déanaimid iad a shuiteáil ar do ghléas mar réamhshocrú. Stóráiltear iad ar do ghléas le linn an tseisiúin agus scriostar iad nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí.
Fianáin sainrogha
Féadfaimid fianáin sainrogha a úsáid chun dhá ghné a bhainistiú:
- do roghanna teanga (tá sé sin úsáideach ós rud é go bhfuil go leor dár suíomhanna in 24 theanga);
- an bhfuil do thoiliú tugtha agat go ndéanfaidh ár n-uirlis anailísíochta gréasáin tú a rianú. Déanaimid iad a shuiteáil ar do ghléas mar réamhshocrú. Stóráiltear na fianáin sin ar do ghléas ar feadh tréimhse idir 12 mhí agus 13 mhí.
Fianáin anailísíochta
Úsáidimid fianáin anailísíochta chun faisnéis staidrimh a bhailiú faoin gcaoi a n-úsáidtear ár suíomhanna gréasáin. Tá na fianáin sin roghnach. Ní dhéanaimid iad a shuiteáil ar do ghléas ach amháin má tá do thoiliú tugtha agat tríd an meirge toilithe corparáideach nó tríd an ngiuirléid ag barr an leathanaigh seo. Is féidir leat do rogha tosaigh a athrú níos déanaí freisin má athraíonn tú d’intinn.
Fianáin mhargaíochta
Úsáidtear fianáin mhargaíochta le haghaidh fógraíocht spriocdhírithe ar líne. Ní úsáidimid aon fianáin mhargaíochta. Is é an beartas atá againn ná na fianáin a chruthaímid ar do ghléas a theorannú a mhéid is féidir. Ní chruthaímid fianáin neamhriachtanacha.
Liostaítear agus déantar cur síos ar na fianáin go léir a úsáidimid ar ár suíomhanna gréasáin ar an leathanach fardail fianán.
Cad air a ndíríonn ár bhfianáin anailísíochta?
Tá uirlisí anailísíochta gréasáin de chuid na cuideachta AT Internet roghnaithe againn chun monatóireacht a dhéanamh ar úsáid an tsuímh agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na taithí brabhsála. Cabhraíonn na huirlisí seo linn tuarascálacha staidrimh comhiomlánaithe agus anaithnide a ullmhú.
Beartas cosanta sonraí AT Internet
Tá an uirlis seo cumraithe againn chun teorainn a chur le bailiú shonraí pearsanta ár n-úsáideoirí a mhéid is féidir. Mar shampla, tá dí-shainaithint sheoladh IP curtha chun feidhme againn tríd an mbeart deiridh (na trí dhigit dheireanacha) de sheoladh IP gach cuairteora a cheilt go huathoibríoch, rud a fhágann nach féidir aon chuairteoirí faoi leith a shainaithint trína seoladh IP amháin.
Cuireann na fianáin a cruthaíodh ar do ghléas ar ár gcumas an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú:
- Seoladh IP (anaithnidithe)
- Foinsí (cineálacha, feachtais, fearainn, etc.)
- An t-ábhar a breathnaíodh (teideal an leathanaigh, socruithe foilseacháin, conair, URL agus URL canónach, teanga, etc.)
- Suíomh geografach (tír, réigiún, baile)
- Próifíl theicniúil (gléasanna, córas oibriúcháin, brabhsálaithe, méid an scáileáin, etc.)
- Tréimhsí (dáta agus am na cuairte ar an suíomh, amchrios an úsáideora)
- Feachtais
- Cuardach suímh
- Teagmhais (cliceanna ar ábhar, ar chnaipí gníomhaíochta, etc.)
- Comhaid ar cliceáladh orthu agus a íoslódáladh
- Fearainn (naisc chuig suíomhanna gréasáin seachtracha, suíomh gréasáin tagróra)
Tá liosta dár bhfianáin anailísíochta ar fáil ar ár leathanach fardail fianán.
Conas is féidir leat glacadh lenár bhfianáin anailísíochta nó iad a dhiúltú?
Meastar gur fianáin tríú páirtí iad fianáin anailísíochta a chruthaigh ár n-uirlis anailísíochta gréasáin.
Is féidir leat glacadh leo nó iad a dhiúltú, tríd an mbratach atá ar taispeáint ag bun ár suíomhanna gréasáin a úsáid, nó tríd an ngiuirléid ar bharr an leathanaigh seo a úsáid. Má chinneann tú gan aontú leis an gceist nó gan neamhaird a dhéanamh uirthi, ní chruthóimid aon fhianáin anailísíochta.
Más fearr leat gan rianú a dhéanamh i do leith, is féidir leat an socrú ‘ná rianaigh’ (DNT) a ghníomhachtú ar do bhrabhsálaí. Cinnteoidh sé sin nach ndéanfaimid rianú ar aon chuid de do ghníomhaíocht bhrabhsála. Tá an socrú ‘ná rianaigh’ ar fáil i bhformhór na mbrabhsálaithe
An gcruthófar aon fhianáin tríú páirtí ar do ghléas nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomhanna gréasáin?
D’fhéadfadh naisc chuig suíomhanna gréasáin eile a úsáideann fianáin tríú páirtí a bheith ar ár suíomhanna gréasáin.
Léigh agus glac leis an mbeartas fianán agus/nó téarmaí agus coinníollacha an tsuímh gréasáin lena mbaineann sula bhfaigheann tú rochtain air.