Inrochtaineacht
Ciallaíonn inrochtaineacht gréasáin a chinntiú gur féidir le gach duine, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, rochtain a fháil ar fhaisnéis ar an idirlíon.
Tá inrochtaineacht bunriachtanach do dhaoine faoi mhíchumas ach tá sí úsáideach do gach duine. Mar shampla, tá cóimheas maith codarsnachta dathanna idir téacs agus cúlra buriachtanach do dhaoine a bhfuil lagú amhairc orthu, ach déanann sé an téacs níos inléite freisin faoi dhálaí soilsithe éagsúla amhail solas na gréine agus dallrú.
Tá an Pharlaimint tiomanta dá suíomhanna gréasáin a dhéanamh inrochtana trí chaighdeán Eorpach EN 301 549 v3.2.1 a chomhlíonadh. Cloíonn an caighdeán seo go dlúth leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair Gréasáin (WCAG) 2.1 leibhéal AA.
Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le hábhar a fhoilsítear ar an bhfearann https://elections.europa.eu/.
Stádas comhlíonta
Tá an suíomh gréasáin seo i gcomhréir go hiomlán le caighdeán Eorpach EN 301 549 v3.2.1 agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 leibhéal AA.
Ba cheart go mbeifeá in ann:
- zúmáil isteach suas le 400% a dhéanamh ar an suíomh gréasáin gan aon fhadhb
- nascleanúint a dhéanamh ar an suíomh gréasáin gan ach an méarchlár a úsáid
- nascleanúint a dhéanamh ar an suíomh gréasáin trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht chúnta amhail léitheoir scáileáin nó formhéadaitheoir scáileáin
An ráiteas inrochtaineachta seo a ullmhú
Ullmhaíodh an ráiteas seo an 28 Iúil 2023.
Tá an ráiteas seo bunaithe ar ghrinnmheasúnú inrochtaineachta inar cumhdaíodh leathanaigh ghréasáin uile an tsuímh gréasáin.
Conas a dhéanaimid tástáil ar an suíomh gréasáin seo
Déanaimid measúnuithe inrochtaineachta doimhne go tréimhsiúil lena n-áirítear tástálacha láimhe, uathoibrithe agus léitheora scáileáin arna ndéanamh ag saineolaithe inrochtaineachta. Seachas sin, déanaimid faireachán leanúnach ar inrochtaineacht an tsuímh gréasáin agus déanaimid tástálacha sonracha sula gcuirtear ábhar nó feidhmiúlachtaí nua leis.
Aiseolas agus faisnéis teagmhála
Trí do thaithí a thuairisciú, cuideoidh sé linn an inrochtaineacht ar ár suíomh gréasáin a fheabhsú tuilleadh.
Cuir in iúl dúinn é le do thoil má bhíonn aon fhadhb agat, más gá duit rochtain a fháil ar fhaisnéis dorochtana nó má fheictear duit go bhfuil aon cheann dár ngnéithe úsáideach ar bhealach ar leith. Beimid i dteagmháil leat a luaithe agus is féidir.
Téigh i dteagmháil le Europe Direct
Má tá tuilleadh ceisteanna agat faoi na toghcháin Eorpacha, téigh i dteagmháil le an tAontas Eorpach
Laistigh den Aontas, glaoigh ar 00 800 6 7 8 9 10 11 (saorghlao)
Lasmuigh de Aontas, glaoigh ar 0032 2 299 96 96 (gnáthrátaí idirnáisiúnta)