Tar éis na dtoghchán
Tosóidh ré nua don Aontas Eorpach ag na toghcháin Eorpacha idir an 6 agus 9 Meitheamh 2024. Déanfaidh Feisirí nuathofa de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) réimse cinntí lárnacha maidir le cé a bheidh i gceannas ar institiúidí an Aontais agus conas a leanfar ar aghaidh le hobair na Parlaiminte de reachtaíocht a ghlacadh agus an Coimisiún Eorpach agus comhlachtaí eile an Aontais a thabhairt chun cuntais.
Foghlaim faoin méid a tharlaíonn tar éis na dtoghchán agus an ról lárnach a bhíonn ag Parlaimint na hEorpa sa phróiseas sin.
Beidh an chéad seisiún iomlánach den téarma reachtach nua ar siúl idir an 16 agus 19 Iúil in Strasbourg.
Roimh thús an tseisiúin, cruthóidh na Feisirí nuathofa grúpaí polaitiúla bunaithe ar na smaointe polaitiúla atá acu i gcoiteann.
Tar éis an chéad seisiúin, toghann an Pharlaimint a hUachtarán nua, a leasuachtaráin agus a caestóirí. Ina theannta sin, roghnófar cé acu na Feisirí a bheidh ina suí ar gach coiste de chuid na Parlaiminte.
Níos déanaí, caithfidh Feisirí a vóta chun Uachtarán nua an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh. Ansin, déanfar measúnú ar na hiarrthóirí do phost an choimisinéara tríd éisteachtaí poiblí. Beidh ar an gCoimisiún nua tacaíocht na Parlaiminte a fháil i vóta iomlánach má tá sé chun teacht i réim.
Idir an dá linn, leanfaidh Feisirí ar aghaidh ag déanamh plé ar agus ag leasú reachtaíocht, ag déanamh mionscrúdú ar obair na n-institiúidí eile de chuid an Aontais agus ag dul i mbun díospóireachta maidir le topaicí atá i mbéal an phobail.
- Roinn ar Facebook - Cad iad na príomhchúramaí a bheidh ag an bParlaimint nua ar dtús?
- Roinn ar Twiter - Cad iad na príomhchúramaí a bheidh ag an bParlaimint nua ar dtús?
- Roinn ar LinkedIn - Cad iad na príomhchúramaí a bheidh ag an bParlaimint nua ar dtús?
- Roinn ar WhatsApp - Cad iad na príomhchúramaí a bheidh ag an bParlaimint nua ar dtús?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceNí mór do thíortha an Aontais ainmneacha na bhFeisirí nuathofa a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa.
Tá sé de dhualgas ar Fheisirí a bhfuil a dtoghchán curtha in iúl don Pharlaimint acu a dhearbú i scríbhinn, roimh dóibh a suíochán a ghlacadh, nach bhfuil siad in oifig ar bith eile nach réitíonn a cuspóirí le dualgaisí Fheisire de Pharlaimint na hEorpa.
- Roinn ar Facebook - Conas a roghnófar ainmneacha Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa?
- Roinn ar Twiter - Conas a roghnófar ainmneacha Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa?
- Roinn ar LinkedIn - Conas a roghnófar ainmneacha Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa?
- Roinn ar WhatsApp - Conas a roghnófar ainmneacha Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceNí bhíonn Feisirí ina suí sa seomra de réir náisiúnachta. Bíonn an chuid is mó dóibh mar bhall de ghrúpaí polaitiúla a bhfuil na luachanna polaitiúla agus spriocanna céanna acu agus atá acu go pearsanta.
Cruthófar na grúpaí polaitiúla sna seachtainí tar éis na dtoghchán.
Ní mór 23 Feisire ó 7 dtír san Aontas ar a laghad a bheith ag grúpa polaitiúil. Ní féidir le Feisire a bheith mar bhall de níos mó ná grúpa polaitiúil amháin ag am ar bith; mar mhalairt air sin; tá sé de rogha ag an bhFeisire gan páirt a ghlacadh i ngrúpa polaitiúil agus a bheith “neamhcheangailte” ina chuid oibre.
Bhí seacht ngrúpa pholaitiúla ann i dtéarma 2019-2024.
- Roinn ar Facebook - Cathain agus conas a chuirtear grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa le chéile?
- Roinn ar Twiter - Cathain agus conas a chuirtear grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa le chéile?
- Roinn ar LinkedIn - Cathain agus conas a chuirtear grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa le chéile?
- Roinn ar WhatsApp - Cathain agus conas a chuirtear grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa le chéile?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceToghfaidh Feisirí Uachtarán nua Pharlaimint na hEorpa, chomh maith leis na leasuachtaráin agus caestóirí. Déanfaidh siad cinntí tábhachtacha maidir le heagrúchán a gcuid oibre agus, Ina theannta sin, roghnófar cé acu siúd a bheidh ina suí ar gach coiste de chuid na Parlaiminte.
- Roinn ar Facebook - Cad a tharlaíonn ag an chéad seisiún iomlánach de chuid na Parlaiminte nuaí?
- Roinn ar Twiter - Cad a tharlaíonn ag an chéad seisiún iomlánach de chuid na Parlaiminte nuaí?
- Roinn ar LinkedIn - Cad a tharlaíonn ag an chéad seisiún iomlánach de chuid na Parlaiminte nuaí?
- Roinn ar WhatsApp - Cad a tharlaíonn ag an chéad seisiún iomlánach de chuid na Parlaiminte nuaí?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceIs é toghchán Uachtarán nua Pharlaimint na hEorpa an chéad chúram atá ar an bhFeisire nua nuair a thagann siad le chéile den chéad uair sa tseisiún iomlánach i mí Iúil.
Toghtar Feisirí ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith (m.sh., leath an téarma pharlaimintigh) ar féidir athnuachan a dhéanamh air.
Is féidir le grúpa polaitiúil nó grúpa Feisirí a dhéanann ionadaíocht ar fhichiú, ar a laghad, de na Feisirí ar fad (36 Feisire) ainmniúcháin a dhéanamh.
Déantar an vóta a chaitheamh go rúnda. Is í an iarrthóir a fhaigheann móriomlán na vótaí a chaitear an tUachtarán nua.
Muna fhaigheann aon de na hiarrthóirí seo móriomlán tar éis trí bhabhta vótála, roghnaíonn na Feisirí sa cheathrú bhabhta idir an bheirt iarrthóirí tosaigh sa tríú bhabhta.
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceIs toghchán Uachtarán na hinstitiúide, tosaíonn an Pharlaimint ag toghadh na leasuachtaráin agus na caestóirí.
Toghtar leasuachtaráin agus caestóirí ar feadh téarmaí dhá bhliain go leith, cosúil leis an Uachtarán.
Is féidir le grúpa polaitiúil nó grúpa Feisirí ainmniúcháin a dhéanamh chun ionadaíocht a dhéanamh ar fhichiú, ar a laghad, de na Feisirí ar fad (36 Feisire).
Déantar an vóta a chaitheamh go rúnda agus ag an am céanna do na hiarrthóirí ar fad. Is féidir le gach Feisire vóta a chaitheamh le haghaidh gach post atá ar fáil. Toghtar iarrthóirí a fhaigheann móriomlán na vótaí de réir líon na vótaí a bhfuair siad. Má thoghtar níos lú ná 14 iarrthóir sa chéad bhabhta, reáchtálfar dara bhabhta faoi na coinníollacha céanna
Más gá tríú bhabhta a dhéanamh, gheobhaidh na hiarrthóirí a fhaigheann an líon is mó vótaí na suíocháin atá fágtha.
Toghfar na cúig caestóirí ag baint úsáid as an bpróiseas céanna.
- Roinn ar Facebook - Conas a thoghtar leasuachtaráin agus caestóirí na Parlaiminte?
- Roinn ar Twiter - Conas a thoghtar leasuachtaráin agus caestóirí na Parlaiminte?
- Roinn ar LinkedIn - Conas a thoghtar leasuachtaráin agus caestóirí na Parlaiminte?
- Roinn ar WhatsApp - Conas a thoghtar leasuachtaráin agus caestóirí na Parlaiminte?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceRoghnóidh Feisirí an líon daoine a bheidh mar bhall de gach coiste parlaiminteach le linn an chéad seisiúin iomlánaigh.
Ina dhiaidh sin, ceapfaidh na grúpaí polaitiúla comhaltaí comhaltaí agus malartaigh do na coistí. Léiríonn leithdháileadh suíocháin choiste do gach grúpa polaitiúil comhdhéanamh na Parlaiminte ina hiomlán.
Ag na chéad chruinnithe coiste, a leanfaidh an chéad chruinniú iomlánach, toghfaidh comhaltaí an choiste cathaoirleach agus leas-chathaoirleach ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith.
- Roinn ar Facebook - Cé a roghnaíonn comhdhéanamh, cathaoirleach and leaschathaoirleach a bhíonn ag na coistí éagsúla?
- Roinn ar Twiter - Cé a roghnaíonn comhdhéanamh, cathaoirleach and leaschathaoirleach a bhíonn ag na coistí éagsúla?
- Roinn ar LinkedIn - Cé a roghnaíonn comhdhéanamh, cathaoirleach and leaschathaoirleach a bhíonn ag na coistí éagsúla?
- Roinn ar WhatsApp - Cé a roghnaíonn comhdhéanamh, cathaoirleach and leaschathaoirleach a bhíonn ag na coistí éagsúla?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceAinmníonn ceannairí thíortha an Aontais, a thagann le chéile i gComhairle na hEorpa, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Ní mór don iarrthóir rathúil tacaíocht thromlach na bhFeisirí a fháil.
Tacaíonn Parlaimint na hEorpa leis an bpróiseas ceannaire iarrthóirí, ina bhfógraíonn páirtithe polaitiúla Eorpacha a n-iarrthóirí le haghaidh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh roimh na toghcháin.
- Roinn ar Facebook - Cén tionchar a bhíonn ag na toghcháin Eorpacha ar thoghadh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh?
- Roinn ar Twiter - Cén tionchar a bhíonn ag na toghcháin Eorpacha ar thoghadh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh?
- Roinn ar LinkedIn - Cén tionchar a bhíonn ag na toghcháin Eorpacha ar thoghadh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh?
- Roinn ar WhatsApp - Cén tionchar a bhíonn ag na toghcháin Eorpacha ar thoghadh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceTá toghadh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ar cheann de na chéad chúraimí atá ag an bParlaimint nua.
Tugtar cuireadh don iarrthóir a mhol ceannairí an Aontais sa Chomhairle Eorpach ráiteas a dhéanamh os comhair Feisirí agus páirt a ghlacadh i ndíospóireacht iomlánach leo. Ina dhiaidh sin, déanfaidh na Feisirí vóta rúnda.
Chun formheas na Parlaiminte a fháil, ní mór don iarrthóir tacaíocht a fháil ó leath de na Feisirí go léir, ar a laghad, chomh maith le duine amháin. Mura bhfaigheann an t-iarrthóir an tromlach is gá, ní mór don Chomhairle Eorpach iarrthóir eile a mholadh.
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceTar éis dó a bheith tofa, roghnaíonn Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh na Coimisinéirí ainmnithe bunaithe ar ainmnithe ó gach tír AE agus sannann sé puntais bheartais éagsúla dóibh. Tá coimisinéir amháin ó gach tír AE.
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceIarrann Parlaimint na hEorpa ar Choimisinéirí ainmnithe éisteachtaí poiblí a dhéanamh chun a fháil amach an bhfuil siad oiriúnach do na poist atá á lorg acu. Roimh gach éisteacht, scrúdaíonn Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla na Parlaiminte dearbhú leasa an iarrthóra.
Is iad na coistí parlaiminteacha faoi seach a eagraíonn na éisteachtaí agus craoltar beo iad. Freagraíonn na hiarrthóirí ceisteanna i scríbhinn roimh an gcruinniú, déanann siad cur isteach gairid ag tús an éisteachta agus ina dhiaidh sin, freagraíonn siad ceisteanna ó bhéal ó na Feisirí.
Tar éis an chruinnithe, tagann cathaoirleach na gcoistí lena mbaineann agus ionadaithe na ngrúpaí polaitiúla le chéile chun feidhmíocht na n-iarrthóirí a mheas. Mura bhfuil siad sásta go hiomlán le hiarrthóir, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh ceisteanna breise a chur i scríbhinn ag lorg freagraí breise nó an t-iarratasóir a chur chuig éisteacht eile. Ansin ullmhaíonn siad litir meastóireachta a chuirtear faoi bhráid chathaoirligh na gcoistí agus ansin faoi bhráid Uachtarán na Parlaiminte agus ceannairí na ngrúpaí polaitiúla.
Féadfaidh iarrthóirí nach bhfaigheann meastóireacht dhearfach ó choistí tarraingt siar agus a bheith in ionad daoine eile, a roghnaíonn Uachtarán an Choimisiúin arís ar thogra ó thíortha AE faoi seach. Téann na hiarrthóirí nua trí éisteacht sa Pharlaimint freisin.
Déanfaidh Uachtarán na Parlaiminte agus ceannairí na ngrúpaí an próiseas agus na litreacha meastóireachta a anailísiú agus féadfaidh siad, ar mholadh ó chathaoirligh na gcoistí, cinneadh a dhéanamh an próiseas éisteachta a dhúnadh.
- Roinn ar Facebook - Conas a mheasann Parlaimint na hEorpa an bhfuil iarrthóirí ar choimisinéirí oiriúnach?
- Roinn ar Twiter - Conas a mheasann Parlaimint na hEorpa an bhfuil iarrthóirí ar choimisinéirí oiriúnach?
- Roinn ar LinkedIn - Conas a mheasann Parlaimint na hEorpa an bhfuil iarrthóirí ar choimisinéirí oiriúnach?
- Roinn ar WhatsApp - Conas a mheasann Parlaimint na hEorpa an bhfuil iarrthóirí ar choimisinéirí oiriúnach?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceTar éis na héisteachtaí a thabhairt chun críche, déantar díospóireacht iomlánach ag an bParlaimint ina gcuireann Uachtarán an Choimisiúin an fhoireann iomlán de choimisinéirí agus a thosaíochtaí polaitiúla i láthair.
Cuireann Uachtarán tofa an Choimisiúin foireann iomlán na gCoimisinéirí ainmnithe agus a gclár i láthair ag cruinniú de chuid na Parlaiminte. Ina dhiaidh sin, déantar díospóireacht.
Vótálann an Pharlaimint maidir le cibé acu a thugann sí a toiliú nó nach dtugann sí a toiliú le ceapachán, mar chomhlacht, an Uachtaráin toghcháin agus na gCoimisinéirí ainmnithe. Glacfar an cinneadh trí thromlach na vótaí a chaitear.
Ceann de na chéad dualgaisí a bhíonn ag an bParlaimint na hEorpa nua tar éis na toghcháin ná Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh Ainmníonn tíortha an Aontais iarrthóir, ag cur san áireamh torthaí an toghcháin Eorpaigh agus ainmniúcháin fhéideartha ó pháirtithe polaitiúla Eorpacha.
Measúnaíonn an Pharlaimint na vótaí don duine sin, a chaithfidh tromlach glan a ghnóthú.
I gcás na 26 post coimisinéara eile tiomsaíonn an tUachtarán tofa agus tíortha an Aontais liosta iarrthóirí.
Post amháin a fhaigheann gach tír.
Seiceálann an Pharlaimint go bhfuil na hiarrthóirí in acmhainn don obair in éisteachtaí speisialta agus reáchtáiltear vóta deiridh chun an Coimisiún ina iomláine a ghlacadh nó a dhiúltú.
Caithfidh feisirí a vóta ar aon athruithe a tharlaíonn sa Choimisiún agus tá sé de chumhacht acu é a lánscor.
Daonlathas i ngníomh
Parlaimint na hEorpa
Tá sonraí teagmhála na bhFeisirí ar fáil ar leathanaigh na bhFeisirí de chuid na Parlaiminte. Aimsigh Feisirí de réir ainmneacha nó de réir tíre, grúpa polaitiúil nó coiste. Tá a seoltaí ríomhphoist agus a bpróifílí sna meáin shóisialta ar leathanaigh na bhFeisirí.
- Roinn ar Facebook - Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis na Feisirí a thoghtar?
- Roinn ar Twiter - Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis na Feisirí a thoghtar?
- Roinn ar LinkedIn - Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis na Feisirí a thoghtar?
- Roinn ar WhatsApp - Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis na Feisirí a thoghtar?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceTá Parlaimint na hEorpa tiomanta do bheith ag obair go hiomlán trédhearcach.
Tá na seisiúin iomlánacha go léir agus an chuid is mó de chruinnithe na gcoistí á sruthú go beo, agus tá taifid de chruinnithe roimhe seo ar fáil ar Lárionad Ilmheáin na Parlaiminte.
Tá faisnéis ar fáil ar shuíomh an tsuí iomlánaigh maidir le clár oibre gach seisiún, téacsanna a glacadh, miontuairiscí agus torthaí vótálacha leictreonacha. Tugann leathanach gréasáin na gcoistí rochtain ar dhoiciméid chruinnithe agus ar chomhaid a bhaineann le hobair na gcoistí.
Tá sé mar aidhm ag an bParlaimint freisin daoine Eorpacha a choinneáil ar an eolas faoina cuid oibre agus cumarsáid a dhéanamh trí bhealaí éagsúla, lena n-áirítear a hoifigí teagmhála, a shuíomh gréasáin agus na meáin shóisialta.
Tá oifigí idirchaidrimh ag an bParlaimint i bpríomhchathracha uile an Aontais agus tá oifigí réigiúnacha i bhformhór na dtíortha atá mar bhaill. Tá líon méadaitheach ionaid idirghníomhacha Europa Experience le fáil ar fud an Aontais a bhfuil sé mar aidhm acu léargas dhíreach a thabhairt ar an gcaoi a ndéanann AE difríocht i saol daoine.
Tá preasráitis agus ábhar eile do na meáin ar fáil sa rannán nuachta ar an suíomh gréasáin, agus tá sé mar aidhm ag an rannán topaicí obair na Parlaiminte ar chomhaid shonracha agus ar shaincheisteanna níos leithne a mhíniú.
Tá cuntais mheáin shóisialta eile ag an bParlaimint arFacebook, Instagram, X, YouTube, LinkedIn, TikTok agus ardáin eile.
Is féidir obair Feisire faoi leith a leanúint freisin - féach thuas conas dul i dteagmháil leo.
- Roinn ar Facebook - Conas is féidir liom obair Pharlaimint na hEorpa a leanúint?
- Roinn ar Twiter - Conas is féidir liom obair Pharlaimint na hEorpa a leanúint?
- Roinn ar LinkedIn - Conas is féidir liom obair Pharlaimint na hEorpa a leanúint?
- Roinn ar WhatsApp - Conas is féidir liom obair Pharlaimint na hEorpa a leanúint?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisce