An chaoi a bhfeidhmíonn na toghcháin Eorpacha
Gach cúig bliana, toghann saoránaigh an Aontais Eorpaigh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa.
I dtoghcháin Eorpacha, toghann saoránaigh an Aontais Eorpaigh a n-ionadaithe mar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna).
Cén tábhacht atá le toghcháin Eorpacha?
Tá na toghcháin Eorpacha ar cheann de na vótaí daonlathacha is mó ar domhan!
Gach 5 bliana, roghnaíonn vótóirí os cionn 700 Feisire de Pharlaimint Eorpach a ionadaíonn ar do shonsa!
Tar éis a dtoghadh, suíonn siad i ngrúpaí polaitiúla bunaithe ar thuairimí i bpáirt.
Féadann saoránaigh AE vótáil agus seasamh i dtoghcháin ina dtír féin, nó sa tír AE ina bhfuil cónaí orthu.
Is trí do vóta a chinnfear an tslí a gcinnfidh an Pharlaimint na rudaí is tábhachtaí:
an geilleagar, cúrsaí fuinnimh agus aeráide, áit na hEorpa sa domhan.
Is ionann vóta a chaitheamh agus do ghuth a úsáid, cabhrú chun an chéad Pharlaimint Eorpach eile a roghnú agus an todhchaí a bheidh agat a shocrú!
Daonlathas i ngníomh
Parlaimint na hEorpa
- Roinn ar Facebook - Cad iad na toghcháin Eorpacha? Conas a thoghtar na Feisirí?
- Roinn ar Twiter - Cad iad na toghcháin Eorpacha? Conas a thoghtar na Feisirí?
- Roinn ar LinkedIn - Cad iad na toghcháin Eorpacha? Conas a thoghtar na Feisirí?
- Roinn ar WhatsApp - Cad iad na toghcháin Eorpacha? Conas a thoghtar na Feisirí?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceIs í Parlaimint na hEorpa an t-aon tionól trasnáisiúnta ar domhan a thoghtar go díreach. Déanann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ionadaíocht ar leasanna shaoránaigh an Aontais ar an leibhéal Eorpach.
Céard é Parlaimint na hEorpa?
Is é an t-aon chomhlacht AE a thoghann daoine go díreach!
Gach 5 bliana, roghnaíonn na vótóirí os cionn 700 ball - nó FPEnna -chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann 450 milliún Eorpach, nó geall leis.
Oibríonn FPEnna ar do shon, ag plé, ag múnlú agus ag rith dlíthe ar shaincheisteanna atá lárnach dár saol laethúil.
Cosnaíonn an pharlaimint an tsaoirse, an comhionannas agus an dlí ar fud an Aontais agus cuireann sí an daonlathas agus cearta an duine chun cinn ar fud an domhain.
Is ann a thoghtar uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus féachtar chuige ann go gcomhlíonann institiúidí AE a gcuid dualgas.
Is iad FPEnna a shocraíonn conas a chaitear airgead AE agus a cheadaíonn buiséad an Aontais.
Is é Parlaimint na hEorpa do nasc leis na cinntí is tábhachtaí!
Daonlathas i ngníomh
Parlaimint na hEorpa
In éineacht le hionadaithe rialtais na dtíortha san Aontas, ceapann na Feisirí dlíthe nua agus déanann siad cinntí ina leith Is dlíthe iad sin a mbíonn tionchar acu ar gach gné de shaol na ndaoine ar fud an Aontais Eorpaigh, mar shampla, tacú leis an ngeilleagar, an comhrac i gcoinne na bochtaineachta, an t-athrú aeráide agus an tslándáil.
Díríonn na Feisirí ar ábhair thábhachtacha pholaitiúla, eacnamaíocha agus shóisialta agus tacaíonn siad le luachanna an Aontais Eorpaigh: an urraim do chearta an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus an smacht reachta.
Formheasann an Pharlaimint buiséad an Aontais agus déanann sé grinnscrúdú ar an tslí a gcaitear an t-airgead. Chomh maith leis sin, toghann sí Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ceapann sí na Coimisinéirí agus tugann siad chun cuntais iad, más gá.
Cad a dhéanann FPEnna ar do shonsa?
Is iad seo do nasc le cinntí a mhúnlaíonn an tAontas Eorpach!
Vótálann tú isteach iad, ansin vótálann siad ar do shon i bParlaimint na hEorpa.
Sin an áit a n-oibríonn FPEnna chun do leasanna a chosaint, dlíthe a dhéanann difear do do shaol laethúil a rith agus a fheabhsú.
Tá FPEnna ann chun éisteacht le húdair imní na ndaoine agus chun gníomhú dá réir, dul i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta agus le lucht gnó, ag féachaint chuige go bhfuil guth ag an uile dhuine ar leibhéal an Aontais.
Agus cuimhnigh:
Ionadaíonn FPEnna ar do shon.
Roghnaíonn tú iad trí vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha, gach cúig bliana.
Daonlathas i ngníomh
Parlaimint na hEorpa
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceReáchtáiltear toghcháin Eorpacha gach cúig bliana. Reáchtáladh na toghcháin Eorpacha dheireanacha i mí Bealtaine 2019.
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceReáchtálfar na chéad toghcháin eile ón 6-9 Meitheamh 2024.
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceIs faoi gach tír é an toghchán a bhainistiú, ach tá prionsabail choiteanna áirithe ann nach mór do gach tír a chur i bhfeidhm.
- Reáchtáiltear na toghcháin thar thréimhse ceithre lá, ón Déardaoin go Dé Domhnaigh.
- Bíonn líon na bhFeisirí a thoghtar ó pháirtí polaitiúil i gcomhréir le líon na vótaí a fhaigheann an páirtí sin.
- Féadann saoránaigh den Aontas atá ina gcónaí i mBallstát nach é a mBallstát dúchais é vótáil agus seasamh i dtoghcháin Eorpacha sa tír sin.
- Ní féidir le saoránach vótáil ach aon uair amháin.
Foghlaim conas a dhéantar na toghcháin Eorpacha a eagrú i do thír.
- Roinn ar Facebook - Cad iad na rialacha coiteanna do na toghcháin Eorpacha i ngach tír san Aontas?
- Roinn ar Twiter - Cad iad na rialacha coiteanna do na toghcháin Eorpacha i ngach tír san Aontas?
- Roinn ar LinkedIn - Cad iad na rialacha coiteanna do na toghcháin Eorpacha i ngach tír san Aontas?
- Roinn ar WhatsApp - Cad iad na rialacha coiteanna do na toghcháin Eorpacha i ngach tír san Aontas?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceToghfar 720 Feisire de Pharlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh 2024. Seo méadú de 15 ar na toghcháin dheireanacha.
Mar riail ghinearálta, cinntear líon na bhFeisirí roimh gach toghchán. Ní féidir le líon iomlán na bhFeisirí a bheith os cionn 750, gan an tUachtarán san áireamh.
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceSeo chugaibh líon na bhFeisirí a thoghfar i ngach tír sna toghcháin Eorpacha in 2024:
- an Ghearmáin: 96
- an Fhrainc: 81
- an Iodáil: 76
- an Spáinn: 61
- an Pholainn: 53
- an Rómáin: 33
- an Ísiltir: 31
- an Bheilg: 22
- an Ghréig: 21
- an tSeicia: 21
- an tSualainn: 21
- an Phortaingéil: 21
- an Ungáir: 21
- an Ostair: 20
- an Bhulgáir: 17
- an Danmhairg: 15
- an Fhionlainn: 15
- an tSlóvaic: 15
- Éire: 14
- an Chróit: 12
- an Liotuáin: 11
- an tSlóivéin: 9
- Laitvia: 9
- an Eastóin: 7
- an Chipir: 6
- Lucsamburg: 6
- Málta: 6
Aontaítear líon na bhFeisirí a thoghtar ó gach tír san Aontas roimh gach toghchán. Tá an líon sin bunaithe ar phrionsabal na comhréireachta céimlaghdaithí. Ciallaíonn sé sin go ndéanann gach Feisire ó thír níos mó ionadaíocht ar níos mó daoine ná Feisire ó thír níos lú. Is é seisear Feisirí líon íosta na bhFeisirí ó aon tír agus is é 96 an líon uasta.
Téann na páirtithe polaitiúla náisiúnta in iomaíocht le chéile sna toghcháin ach nuair a thoghtar na Feisirí, cinneann a bhformhór díobh a bheith páirteach i ngrúpaí polaitiúla trasnáisiúnta. Tá ceangal ag formhór na bpáirtithe náisiúnta le páirtí polaitiúil Eorpach.
- Roinn ar Facebook - An gcaitear vótaí do pháirtithe náisiúnta nó do pháirtithe Eorpacha?
- Roinn ar Twiter - An gcaitear vótaí do pháirtithe náisiúnta nó do pháirtithe Eorpacha?
- Roinn ar LinkedIn - An gcaitear vótaí do pháirtithe náisiúnta nó do pháirtithe Eorpacha?
- Roinn ar WhatsApp - An gcaitear vótaí do pháirtithe náisiúnta nó do pháirtithe Eorpacha?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceSuíonn na Feisirí i ngrúpaí polaitiúla atá bunaithe ar idéil atá i gcoiteann acu. Tá líon íosta de 23 Fheisire ón gceathrú cuid de Bhallstáit an Aontais i ngach grúpa. Tá seacht ngrúpa sa Pharlaimint faoi láthair.
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceDéantar tuairisciú beo ar na torthaí ar shuíomh gréasáin thorthaí na dtoghchán.
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceDéanann na Feisirí tofa a ndícheall grúpaí polaitiúla a chur le chéile. Nuair a thagann na Feisirí go léir le chéile ag an gcéad suí iomlánach, toghann an Pharlaimint nua Uachtarán. Sa suí ina dhiaidh sin, toghfaidh an Pharlaimint Uachtarán nua an Choimisiúin Eorpaigh agus déanfaidh sí Coláiste iomlán na gCoimisinéirí a scrúdú agus a fhormheas ar ball.
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceIs é an Coimisiún Eorpach brainse feidhmiúcháin an Aontais. Tá sé freagrach as dlí an Aontais a mholadh agus a chur chun feidhme, mar aon le bainistiú laethúil an Aontais. Déanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht ar leasanna shaoránaigh an Aontais agus déanann an Chomhairle ionadaíocht ar leasanna na mBallstát. Eatarthu, cuireann siad cruth ar thograí an Choimisiúin agus glacann siad iad, má thagann siad ar chomhaontú fúthu.
Tuilleadh eolais faoin Aontas agus a institiúidí.- Roinn ar Facebook - Cad í an difríocht idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach?
- Roinn ar Twiter - Cad í an difríocht idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach?
- Roinn ar LinkedIn - Cad í an difríocht idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach?
- Roinn ar WhatsApp - Cad í an difríocht idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisce