An tábhacht atá leis an vótáil
Idir an 6 agus 9 Meitheamh 2024, beidh na milliúin Eorpach rannpháirteach i múnlú thodhchaí an daonlathais Eorpaigh tráth na dtoghchán Eorpach.
Tráth ar leith a bheidh ann agus deis againn cinneadh a dhéanamh i dteannta a chéile maidir le todhchaí an Aontais Eorpaigh. Bíonn tábhacht leis an vótáil i gcónaí, bíodh sin ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal Eorpach. Deis den scoth a bhíonn ann tú féin a chur in iúl maidir le hábhair ar spéis leat iad.
Úsáid do vóta chun cabhrú leis an domhan ina bhfuil cónaí ort a athrú
Is furasta dearmad a dhéanamh ar líon na ndaoine a mbíonn tionchar ag toradh na dtoghchán Eorpach orthu. Glacann Parlaimint na hEorpa dlíthe a théann i bhfeidhm ar gach duine: tíortha móra agus pobail bheaga, cuideachtaí cumhachtacha agus gnólachtaí nuathionscanta óga, an leibhéal domhanda agus an leibhéal áitiúil.
Téann dlíthe an Aontais i ngleic le formhór na dtosaíochtaí atá ag daoine: an comhshaol, an tslándáil, an imirce, beartais shóisialta, cearta tomhaltóirí, an geilleagar, an smacht reachta agus go leor eile. Sa lá atá inniu ann, tá gné Eorpach ag baint le gach ábhar tábhachtach náisiúnta freisin.
Cinnfidh do vóta cé hiad na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a dhéanfaidh ionadaíocht ort agus dlíthe nua á n-ullmhú agus beidh tionchar aige ar thoghadh an Choimisiúin Eorpaigh. Múnlóidh na cinntí seo do shaol laethúil agus saol go leor daoine eile.
Úsáid do vóta chun dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda atá romhainn
I ndomhan atá ag éirí níos casta, níos éagobhsaí agus níos idirnasctha, déileálann an tAontas Eorpach le dúshláin dhomhanda nach féidir le Ballstát ar bith dul i ngleic go rathúil leo as a stuaim féin. Ní haon dóithín iad na dúshláin iomadúla atá os ár gcomhair agus leis an vótáil, féadfaidh tusa tionchar a imirt air sin.
Úsáid as do vóta chun seasamh ar son an daonlathais
Níor cheart riamh talamh slán a dhéanamh den daonlathas. Éacht comhchoiteann atá ann – agus is freagracht chomhchoiteann é ina bhfuil ról againn go léir.
Is leis na daoine a thosaíonn an daonlathas: cuirimid tús le cúrsaí trí vótáil sna toghcháin Eorpacha, agus bíonn tionchar ag na cinntí a dhéantar sna toghcháin sin ar ár saol. Mura nglacfaimid páirt ann, ní fhéadfaimid an todhchaí a mhúnlú; ach thairis sin, ní bheidh daonlathas Pharlaimint na hEorpa chomh láidir céanna agus ní bheidh an bhrí chéanna lena luachanna.
Dá mhéad daoine a chaitheann vóta is ea is láidre a éiríonn an daonlathas.