Éisteachtaí daingniúcháin don Choimisiún Eorpach
Is é an chéad rud a bhíonn le déanamh ag Uachtarán nuathofa an Choimisiúin Eorpaigh ná Coimisinéirí iarrthacha a roghnú bunaithe ar ainmniúcháin ó gach tír san Aontas. Bíonn Coimisinéir amháin ó gach Ballstát den Aontas sa Choimisiún agus sanntar freagrachtaí dóibh i réimsí beartais éagsúla.
Éisteachtaí daingniúcháin sa Pharlaimint
Tugann Parlaimint na hEorpa cuireadh do na Coimisinéirí ainmnithe teacht os comhair na gcoistí iomchuí le haghaidh éisteachtaí daingniúcháin chun a fháil amach an bhfuil siad oiriúnach do na poist a sannadh dóibh.
Le linn na n-éisteachtaí daingniúcháin, déanfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa measúnú ar neamhspleáchas agus scileanna na gCoimisinéirí ainmnithe, chomh maith leis an tiomantas atá acu a bheith ina mbaill den Choimisiún Eorpach nua.
Roimh na héisteachtaí, scrúdaíonn an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla sa Pharlaimint dearbhuithe leasanna na n-iarrthóirí chun aon choinbhleacht leasa a bhaineann le cúrsaí airgeadais a eisiamh, rud atá ina réamhchoinníoll chun éisteacht a reáchtáil do gach iarrthóir. Ní mór d’iarrthóirí ceisteanna i scríbhinn a ullmhaíonn na coistí parlaiminteacha a fhreagairt freisin.
Foilsítear curriculum vitae na gCoimisinéirí ainmnithe, tagairtí dá bpunanna agus a gcuid freagraí ar na ceisteanna i scríbhinn ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte roimh an éisteacht daingniúcháin.
Ag na héisteachtaí daingniúcháin, a ndéantar beoshruthú orthu, cuireann na Coimisinéirí ainmnithe a gcláir i láthair agus freagraíonn siad ceisteanna ó bhéal ó na Feisirí.
Tar éis na n-éisteachtaí, déanann cathaoirligh na gcoistí agus ionadaithe na ngrúpaí polaitiúla measúnú ar na hiarrthóirí agus ullmhaíonn siad a litreacha meastóireachta. D’fhéadfaí a iarraidh ar na Coimisinéirí ainmnithe tuilleadh ceisteanna i scríbhinn a fhreagairt nó d’fhéadfaí a iarraidh orthu freastal ar éisteacht atosaithe.
Is féidir le Ballstát Coimisinéir ainmnithe nár éirigh leis nó léi a tharraingt siar agus iarrthóir nua a chur ina ionad nó ina hionad, má aontaíonn Uachtarán an Choimisiúin leis sin. Caithfidh an t-iarrthóir nua na céimeanna ullmhúcháin go léir a ghlacadh agus freastal ar éisteacht daingniúcháin sa Pharlaimint freisin.
Ag deireadh an phróisis, scrúdaíonn Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí litreacha meastóireachta na gcoistí agus cuirtear ar aghaidh iad chuig Comhdháil na nUachtarán, comhlacht atá comhdhéanta den Uachtarán agus de cheannairí ghrúpaí polaitiúla na Parlaiminte. Is féidir leis an gComhdháil sin tuilleadh eolais a lorg nó a dhearbhú go bhfuil deireadh leis na héisteachtaí daingniúcháin.
Vóta na Parlaiminte ar chomhdhéanamh an Choimisiúin
A luaithe a bheidh deireadh leis na héisteachtaí daingniúcháin, iarrfar ar Uachtarán an Choimisiúin Coláiste na gCoimisinéirí ainmnithe agus a chlár a chur i láthair ag díospóireacht sa suí iomlánach. Ina dhiaidh sin caithfidh Parlaimint na hEorpa vóta ar Choláiste an Choimisiúin ina iomláine.
Clár iomlán éisteachtaí daingniúcháin na gCoimisinéirí ainmnithe
Féach ar clár iomlán éisteachtaí daingniúcháin na gCoimisinéirí ainmnithe: – Leagan HTML – Leagan PDF (i mBéarla amháin)
Coimisinéirí ainmnithe
Henna Maria VIRKKUNEN
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
An Fhionlainn
Ceannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus an Daonlathas
Maroš ŠEFČOVIČ
Coimisinéir
An tSlóvaic
Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch
An Caidreamh agus an Trédhearcacht Idirinstitiúideach
Valdis DOMBROVSKIS
Coimisinéir
An Laitvia
An Geilleagar agus Táirgiúlacht
Cur Chun Feidhme agus Simpliú
Maria Luís ALBUQUERQUE
Coimisinéir
An Phortaingéil
Seirbhísí Airgeadais agus an tAontas Coigiltis agus Infheistíochta
Jessika ROSWALL
Coimisinéir
An tSualainn
An Comhshaol, Athléimneacht i réimse an Uisce agus Geilleagar Ciorclach Iomaíoch
Piotr Arkadiusz SERAFIN
Coimisinéir
An Pholainn
An Buiséad, Comhrac na Calaoise agus an Riarachán Poiblí
Ekaterina SPASOVA GECHEVA-ZAHARIEVA
Coimisinéir
An Bhulgáir
Gnólachtaí Nuathionscanta, Taighde agus Nuálaíocht