Toghcháin Eorpacha6-9 Meitheamh 2024

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Freagrachtaí

Leagann Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh clár oibre an Choimisiúin amach agus déanann sé nó sí cinntí maidir le heagrúchán an Choimisiúin.

Déanann Uachtarán an Choimisiúin ionadaíocht ar an gCoimisiún i gcruinnithe na Comhairle Eorpaí, ag cruinnithe mullacha G7 agus G20, cruinnithe mullacha le tíortha neamh-AE agus le linn díospóireachtaí móra i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle.

Toghchán

Ceann de na chéad chúramaí a bheidh ar an bParlaimint nuathofa ná Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a thoghadh.

Ar aon líne le rúin atá glactha ag an bParlaimint cheana, cuirtear tús le cúrsaí le próiseas na n-iarrthóirí tosaigh, nuair a fhógraíonn páirtithe polaitiúla Eorpacha a n-iarrthóirí don ról.

Ainmníonn ceannairí na mBallstát iarrthóir d’Uachtaránacht an Choimisiúin, le torthaí na dtoghchán Eorpach á gcur san áireamh acu. Labhraíonn an té a hainmnítear mar iarrthóir leis na feisirí nuathofa ansin, le páirt á glacadh acu i ndíospóireacht iomlánach leo.

Ní mór don iarrthóir d’Uachtaránacht an Choimisiúin formheas na Parlaiminte a fháil, le tacaíocht ó leath na bhfeisirí ar a laghad á fáil acu i vóta rúnda.

Muna fhaigheann an iarrthóir an tromlach is gá, ní mór don Chomhairle Eorpach iarrthóir eile a ainmniú laistigh de mhí amháin.

Ceapann an Chomhairle Eorpach an iarrthóir a bhfuil rath air nó uirthi ina Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach ansin.

Uachtarán reatha an Choimisiúin Eorpaigh

Atoghadh Ursula von der Leyen ina hUachtarán ar an gCoimisiún Eorpach don téarma 2024-2020 i Iúil 2024.