Baineann an t-eolas ar an suíomh gréasáin seo le toghcháin Eorpach 2024. Déanfar uasdátú air agus muid ag druidim leis na chéad toghcháin eile, a reáchtálfar sa bhliain 2029.
Toghcháin Eorpacha6-9 Meitheamh 2024Conas a áirithítear toghcháin Eorpacha atá saor agus cóir?
Tá saorthoghcháin chóra i gcroílár an phróisis dhaonlathaigh. Ba cheart go mbeadh vótálaithe in ann a rogha a dhéanamh saor ó chur isteach agus ó ionramháil. Is é sin an fáth go bhfuil roinnt beart curtha i bhfeidhm ag tíortha AE agus institiúidí AE chun cur isteach mailíseach, bréagaisnéis, cibirionsaithe agus sáruithe ar shonraí a chosc le linn na dtoghchán Eorpach.
Oibríonn údaráis náisiúnta toghcháin chun a áirithiú go mbíonn na toghcháin Eorpacha cóir agus saor ó chur isteach agus ó ionramháil. Déanann siad an méid sin i gcomhréir le dlí na hEorpa agus leis an dlí náisiúnta agus le tacaíocht ó institiúidí AE.
Áirítear leis an obair sin na toghcháin a chosaint i gcoinne iarrachtaí féideartha ar ionramháil faisnéise, ar chibirionsaithe, ar sháruithe ar shonraí agus ar bhagairtí hibrideacha.
Nuair a bheidh vóta á chaitheamh ag saoránaigh sna toghcháin Eorpacha, beidh éagsúlacht ann ó thír go tír sa chaoi go gcaithfidh siad vóta. I dtíortha áirithe caitheann saoránaigh vóta ag baint úsáid as páipéir bhallóide, agus i dtíortha eile is féidir leo vóta a chaitheamh go leictreonach nó ar líne.
Tá gnáthaimh sheanbhunaithe i bhfeidhm chun comhaireamh na mballóidí a sheiceáil faoi dhó, gan beann ar an gcaoi a gcaitear an vóta. Tá córais i bhfeidhm go náisiúnta freisin chun earráidí teicniúla féideartha a thuairisciú, a sheiceáil agus a cheartú, toisc go bhféadfadh neamhrialtachtaí beaga agus earráidí daonna tarlú i ngach toghchán.
Leis an líonra comhair Eorpach um thoghcháin, tugtar údaráis na mBallstát atá i gceannas ar ábhair thoghcháin le chéile. Faigh anseo na húdaráis i do thír atá freagrach as sláine toghcháin a áirithiú: An Bheilg, An Bhulgáir, An Chipir, An Chróit, An Danmhairg, An Eastóin, An Fhionlainn, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Ghréig, An Iodáil, An Ísiltír, An Laitvia, An Liotuáin, An Ostair, An Pholainn, An Phortaingéil, An Rómáin, An Spáinn, An tSlóivéin, An tSlóvaic, An tSualainn, An Ungáir, Éire, Lucsamburg, Málta, Poblacht na Seice.
- Roinn ar Facebook - Cé atá i gceannas ar shaoirse agus cothroime na dtoghchán Eorpach a áirithiú?
- Roinn ar Twiter - Cé atá i gceannas ar shaoirse agus cothroime na dtoghchán Eorpach a áirithiú?
- Roinn ar LinkedIn - Cé atá i gceannas ar shaoirse agus cothroime na dtoghchán Eorpach a áirithiú?
- Roinn ar WhatsApp - Cé atá i gceannas ar shaoirse agus cothroime na dtoghchán Eorpach a áirithiú?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceTá sé mar fhreagracht ag gach tír AE cibearshlándáil na dtoghchán Eorpach a áirithiú.
Is éard atá i gceist leis sin ná líonraí agus córais faisnéise a bhaineann leis na toghcháin, chomh maith lena n-úsáideoirí, a chosaint ar chibearbhagairtí a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith acu orthu, rud a mbeadh éifeachtaí suaitheacha aige ar an bpróiseas toghcháin agus ar na vótálaithe. D’fhéadfadh haiceáil nó cibirionsaithe a bheith i gceist leis sin, mar shampla.
Roimh na toghcháin Eorpacha, téann tíortha AE i gcomhar le chéile chun ullmhú do chibearbhagairtí féideartha. Faigheann siad tacaíocht ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE, amhail Gníomhaireacht AE um Chibearshlándáil nó An Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE.
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceIs éard atá i gceist le toghcháin shábháilte a eagrú ná sonraí pearsanta a láimhseáil, amhail ainm, seoladh, dáta breithe nó uimhir aitheantais na vótálaithe.
Leanann údaráis náisiúnta toghcháin rialacha AE agus rialacha náisiúnta chun a áirithiú go mbíonn ardleibhéal cosanta sonraí ann le linn na dtoghchán Eorpach. Áirítear leis sin sonraí pearsanta a chosaint ar phróiséail neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chaillteanas thimpisteach.
Faigh an t-údarás i do thír a bhfuil maoirseacht á déanamh acu ar chosaint sonraí.
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceIs éard is bréagaisnéis ann ná ábhar a dhéantar a ionramháil agus a scaipeadh d’aon turas d’fhonn daoine a mheabhlú nó dallamullóg a chur orthu chun spriocanna straitéiseacha, polaitiúla nó eacnamaíocha áirithe a bhaint amach. D’fhéadfadh sé a bheith mar aidhmleis sin, mar shampla, an bonn a bhaint den mhuinín as institiúidí, próisis nó toghcháin dhaonlathacha nó chun tionchar a imirt ar thorthaí toghchán.
Ní chaithfidh an bhréagaisnéis a bheith go hiomlán bréagach nó cumtha. Is iomaí cineálacha ionramhála a d’fhéadfadh a bheith ann. Braitheann sé go minic ar fhaisnéis nó ábhar a chur in iúl as comhthéacs, agus ceannteideal nó grianghraf míthreorach a chur leo nó fíorábhar a chur in iúl mar rud éigin nach é.
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceIs féidir leis an mbréagaisnéis a bheith ina bagairt don tsochaí toisc gur féidir léi an bonn a bhaint den daonlathas, an díospóireacht dhaonlathach a shaobhadh, an tsochaí a dheighilt agus deacracht a chruthú do shaoránaigh a rogha daonlathach a dhéanamh saor ó chur isteach agus ó ionramháil.
- Roinn ar Facebook - Cén fáth a gcaithimid cur i gcoinne na bréagaisnéise roimh na toghcháin Eorpacha?
- Roinn ar Twiter - Cén fáth a gcaithimid cur i gcoinne na bréagaisnéise roimh na toghcháin Eorpacha?
- Roinn ar LinkedIn - Cén fáth a gcaithimid cur i gcoinne na bréagaisnéise roimh na toghcháin Eorpacha?
- Roinn ar WhatsApp - Cén fáth a gcaithimid cur i gcoinne na bréagaisnéise roimh na toghcháin Eorpacha?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceSeas siar agus smaoinigh sula roinneann tú rud éigin! Eascraíonn an bhréagaisnéis as daoine a bhrúnn an cnaipe ‘roinn’ nó ‘is maith liom’ go róthapa agus b’fhéidir nach bhfuil an méid atá siad ar tí roinnt léite acu, fiú.
Braitheann an bhréagaisnéis go minic ar cheann amháin de na teicnící seo chun a chur ina luí ar dhaoine í a roinnt:
- spreagann sí mothúcháin láidre - amhail fearg, uafás, eagla nó saint;
- bíonn sí an-deighilteach;
- bíonn cuma ‘rómhaith nó ródhona uirthi le bheith fíor’.
Féach an bhileog eolais “Conas a aithint nuair is bréagnuacht atá ann” chun nodanna agus cleasanna a fháil.
- Roinn ar Facebook - Cad is féidir liom a dhéanamh chun cur i gcoinne nabréagaisnéise?
- Roinn ar Twiter - Cad is féidir liom a dhéanamh chun cur i gcoinne nabréagaisnéise?
- Roinn ar LinkedIn - Cad is féidir liom a dhéanamh chun cur i gcoinne nabréagaisnéise?
- Roinn ar WhatsApp - Cad is féidir liom a dhéanamh chun cur i gcoinne nabréagaisnéise?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisceTá institiúidí AE, an tsochaí shibhialta agus daoine eile ag obair ar roinnt bealaí chun cur i gcoinne na bréagaisnéise. Tuilleadh eolais anseo:
- Suíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa faoin mbréagaisnéis
- Suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh faoin mbréagaisnéis
- Suíomh gréasáin na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí faoin mbréagaisnéis
- Suíomh gréasáin EUvsDisinfo de Thascfhórsa East Stratcom
- Tugann An Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO) seiceálaithe fíricí, saineolaithe ar an litearthacht sna meáin agus taighdeoirí acadúla le chéile chun anailís a dhéanamh ar an mbréagaisnéis agus chun cur ina coinne. Tá moil a chumhdaíonn tíortha uile AE ag EDMO
- Liosta na seiceálaithe fíricí náisiúnta: An Líonra Eorpach um Chaighdeáin um Sheiceáil Fíricí (EFCSN)
- Roinn ar Facebook - Cá háit ar féidir liom tuilleadh a fhoghlaim faoin mbréagaisnéis?
- Roinn ar Twiter - Cá háit ar féidir liom tuilleadh a fhoghlaim faoin mbréagaisnéis?
- Roinn ar LinkedIn - Cá háit ar féidir liom tuilleadh a fhoghlaim faoin mbréagaisnéis?
- Roinn ar WhatsApp - Cá háit ar féidir liom tuilleadh a fhoghlaim faoin mbréagaisnéis?
Tá an seoladh cóipeáilte chuig do ghearrthaisce