Baineann an t-eolas ar an suíomh gréasáin seo le toghcháin Eorpach 2024. Déanfar uasdátú air agus muid ag druidim leis na chéad toghcháin eile, a reáchtálfar sa bhliain 2029.

Toghcháin Eorpacha6-9 Meitheamh 2024

Tar éis na dtoghchán

Chuir na toghcháin Eorpacha, a reáchtáladh idir an 6 agus 9 Meitheamh 2024, tús le ré nua don Aontas Eorpach. Rinne Feisirí nuathofa de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) réimse cinntí lárnacha maidir le cé a bheadh i gceannas ar institiúidí an Aontais agus leanadh ar aghaidh le hobair na Parlaiminte de reachtaíocht a ghlacadh agus an Coimisiún Eorpach agus comhlachtaí eile an Aontais a thabhairt chun cuntais.

Foghlaim faoin méid a tharlaíonn tar éis na dtoghchán agus an ról lárnach a bhíonn ag Parlaimint na hEorpa sa phróiseas sin.