Baineann an t-eolas ar an suíomh gréasáin seo le toghcháin Eorpach 2024. Déanfar uasdátú air agus muid ag druidim leis na chéad toghcháin eile, a reáchtálfar sa bhliain 2029.
Toghcháin Eorpacha6-9 Meitheamh 2024Fógra um chosaint sonraí
Cé a phróiseálann do shonraí pearsanta (i.e. cé hé nó cé hí an rialaitheoir sonraí)?
Baineann an fógra um chosaint sonraí seo le suíomhanna gréasáin maidir le Toghcháin Pharlaimint na hEorpa 2024 a fhoilsítear faoin bhfearann ‘elections.europa.eu’. Clúdaítear leis an nascleanúint a dhéantar ar ár suíomhanna gréasáin, ach ní chlúdaítear leis aon ríomhsheirbhísí a d’fhéadfaimis a chur ar fáil, amhail teagmháil nó foirmeacha clárúcháin.
I gcás gach ríomhsheirbhíse a chuirtear ar fáil ar na suíomhanna gréasáin seo, tá fógra sonrach maidir le cosaint sonraí ar an suíomh gréasáin lena mbaineann ina mínítear na cúiseanna atá le do shonraí pearsanta a phróiseáil, an bunús dlí, catagóirí na sonraí pearsanta a bhailítear, sonraí faoi do chearta agus na daoine ar cheart teagmháil a dhéanamh leo más mian leat na cearta sin a fheidhmiú.
Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (an Rialachán).
Maidir leis an bhfaisnéis atá anseo thíos, táimid á cur sin ar fáil duit bunaithe ar Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/1725.
Cén fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
Tá Parlaimint na hEorpa ag gníomhú mar rialaitheoir agus is í an roinn atá freagrach as an bpróiseáil an Stiúrthóireacht um Fheachtais in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide i bParlaimint na hEorpa, a ndéanann a stiúrthóir ionadaíocht thar a ceann.
Is féidir leat dul i dteagmháil leis an rialaitheoir trí ríomhphost ag webmaster@europarl.europa.eu nó tríd an bpost, i gclúdach litreach séalaithe, ag Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, an Stiúrthóireacht um Fheachtais, chuig an Stiúrthóir, 60 rue Wiertz/Wiertzstraat 60, 1047 - Bruxelles/an Bhruiséil, an Bheilg.
Cad é an bunús dlí atá leis an bpróiseáil seo?
Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil chun anailís, monatóireacht agus diagnóisiú a dhéanamh ar ár mbonneagar teicniúil agus ar ár bhfeidhmchláir. Déantar do shonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil i logaí freastalaí a chabhraíonn linn slándáil oibríochtúil a bhaint amach, teagmhais a imscrúdú, monatóireacht a dhéanamh ar ár líonra agus tacaíocht d’úsáideoirí a sholáthar.
Cad iad na sonraí pearsanta a ndéanaimid próiseáil orthu?
Tá dlíthiúlacht na próiseála bunaithe ar Airteagal 5(1.a) de Rialachán (AE) 2018/1725 arna léiriú i bhfianaise Aithris 22, ós rud é go bhfuil gá leis do chomhlíonadh na gcúraimí a dhéanann Parlaimint na hEorpa ar mhaithe le leas an phobail.
Cá fhad a stórálfaimid do shonraí pearsanta?
Déanaimid na sonraí seo a leanas a bhailiú agus a phróiseáil:
- do sheoladh IP;
- dáta agus am do naisc;
- na codanna de shuíomhanna gréasáin Pharlaimint na hEorpa ar thug tú cuairt orthu;
- do chóras oibriúcháin;
- líon na sonraí a íoslódáladh;
- n prótacal a úsáideadh (http; https; rtmp, etc.).
Cé hiad faighteoirí do shonraí pearsanta?
Taifeadtar do shonraí pearsanta i gcomhaid logála a chruthaítear go laethúil i bhfíor-am agus a stóráiltear ar feadh tréimhse 6 mhí.
Tá logchomhaid riachtanach mar go gcabhraíonn siad linn ár slándáil oibriúcháin a ghlacadh chucu féin, teagmhais a imscrúdú, monatóireacht a dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht líonra agus teileachumarsáide agus cúnamh a sholáthar d’úsáideoirí.
An mbainimid úsáid as fianáin?
Roinnimid do shonraí pearsanta go heisiach lenár gcomhghleacaithe in Ard-Stiúrthóireacht na Nuálaíochta agus na Tacaíochta Teicneolaíochta de chuid Pharlaimint na hEorpa atá i gceannas ar bhonneagar Néal. Féadfaidh siad rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta chun tacaíocht theicniúil chuí a sholáthar.
Is é an t-aon phróiseálaí atá againn ná ár soláthraithe seirbhísí Néalríomhaireachta, atá faoi cheangal ag clásail chonarthacha ar leith agus ag na hoibleagáidí a eascraíonn as Rialachán (AE) 2018/1725.
Ní chomhroinnimid do shonraí pearsanta le tír nach bhfuil san Aontas Eorpach nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
n n-úsáidimid stóráil áitiúil?
Úsáideann ár suíomhanna gréasáin fianáin.
Tá ár mbeartas fianán agus liosta na bhfianán a chruthaímid ar fáil ar líne ar ár mbeartas fianán agus leathanach fardal fianán.
An úsáidimid teicneolaíochtaí rianaithe?
Bainimid úsáid as acmhainn stórála áitiúil do bhrabhsálaí mar chuid dár n-ardán ilmheán (ar a dtugtar "Multimedia Centre") a óstaíonn na físeáin leabaithe ar an suíomh Gréasáin seo.
Anseo thíos, is féidir leat teacht ar na sonraí a chuirtear ar do bhrabhsálaí.
[ featured.content.list.filter ]
Cuspóir: Úsáidtear é chun na cineálacha meán a roghnaigh an t-úsáideoir a thaifeadadh sa rannán ‘Na meáin is ábhartha’ ar leathanach baile ardán an Ionaid Ilmheán.
[ kaltura-player-js_audioLanguage ]
Cuspóir: Úsáidtear é chun taifeadadh a dhéanamh ar theanga rian fuaime na bhfíseán ar a mbreathnaítear trí úsáid a bhaint as seinnteoir an Ionaid Ilmheán (seinnteoir Kaltura).
[ kaltura-player-js_textLanguage ]
Cuspóir: Úsáidtear é chun teanga fotheidil na bhfíseán a mbreathnaítear orthu a thaifeadadh trí úsáid a bhaint as seinnteoir an Ionaid Ilmheán (seinnteoir Kaltura).
An gceadaímid ábhar tríú páirtí?
Ní bhainimid úsáid as aon teicneolaíochtaí rianaithe, amhail rabhcháin, méarloirg brabhsálaí, nó picteilíní rianaithe.
Cad iad na cearta atá agat agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú?
Féadfaidh ár suíomhanna gréasáin naisc a chur ar fáil chuig suíomhanna gréasáin seachtracha nach bhfuil clúdaithe ag an bhfógra cosanta sonraí seo. Cuirfimid ar an eolas thú nuair is amhlaidh atá agus cuirfimid téarmaí agus coinníollacha sonracha an tsuímh gréasáin sheachtraigh ar fáil duit, lena n-áirítear a bhfógra cosanta sonraí féin agus a mbeartas fianáin féin, nach bhfuil aon smacht againn orthu.